Na Gaeil san Áit Ró-Fhuar

1800-1845: Forbairt Lonnaíochta agus Oidhreachta

“Bhí eorna ‘na cruacha ann agus cruithneacht ‘na guaille

Bhí muileann an tsiúcra bán ann agus ní áirím an sú craobh.”

- Collected by Seaghan Ó Coinnigeáin (1)

Faigh amach scéal na n-inimirceach Éireannach i gCeanada sa 19ú haois. In ainneoin dúshláin, choinnigh siad a dteanga agus d’fhág siad tionchar buan ar an dtír.

I rith an 19ú haois , tháinig athrú ar chúrsaí teangan in Éirinn. Cé go raibh Gaeilge fós ag formhór na ndaoine, dob é an Béarla teanga na cumhachta, an dlí agus na tráchtála. Ni feidir imirce na hÉireann go Ceanada a thuiscint muna coimeádtar in intinn gur fhan an Ghaeilge mar phríomhtheanga do go leor daoine a d’fhág Éire i rith an ama seo.

Fás agus Lonnaíochtaí

Nuair a tháinig deireadh le Cogaí Napoléon in 1815, tháinig méadú ar dhaonra na hÉireann, ach tháinig meath ar choinníollacha do chainteoirí Gaeilge na hÉireann agus iad imeallaithe go mór faoi bheartais choilíneacha. Tháinig méadú ar eisimirce dá dheascaibh.(2) Cuireadh lonnaíochtaí faoisimh ar bun i gCeanada chun eisimircigh Éireannacha a atreorú ó dhul go Sasana.(3) Thosnaigh na hEireannaigh ag cur sios níos sia siar ar Chósta Thoir Cheanada, a bhí lonnaithe go dlúth cheana féin(4), chun glacadh le deiseanna lománaíochta, tógáint canálacha, agus talmhaíochta.

Nuair a bhí Canáil Rideau in Ontáirio (Ontario) à thogaint, bhí an Ghaeilge chomh coitianta sin go raibh aistritheoir ag teastáil chun aighnis a réiteach. I gCúige Manatóba na linne seo, ba as Co. Shligigh a dtáinig cuid des na lonnaitheoirí ba luaithe i gCoilíneacht Abhainn Dhearg.

Dúshláin agus Rannán

Bhí dúshláin iomadúla roimh inimircigh Éireannacha go Ceanada. Thug siad aghaidh ar chlaontacht ó lonnaitheoirí Briotanacha,(5) agus d’fhulaing oibrithe na hÉireann coinníollacha crua, pá gan íoc, agus foréigean ar láithreacha oibre mar Chanáil Rideau.(6) Bhí naimhdeas i dtreo Éireannaigh Chaitliceacha freisin ó oibrithe eile a chreid go raibh na hÉireannaigh á gcur as a gcuid deiseanna oibre.

Sa tréimhse atá i gceist, bunaíodh Lóistí Oráisteacha Protastúnach ar fud Cheanada. Dhein na lóistí sin ceiliúradh ar dhíothú an chultúir Ghaelaigh agus ar choilíniú na Breataine ar Éirinn. Chuir an dearcadh sinisteach go mór ar ghlacadh na nGael Caitliceach agus bhunaigh na hÉireannaigh cumainn Fhíníneacha agus Chaitliceacha chun a meon féin a chur chun cinn.

Teanga Trasna Sochaí

Faoi na 1840idí, bhí breis agus 450,000 Éireannach ina maireachtaint i gCeanada, agus bhí Gaeilge ag go leor acu. Is minic a dhein údaráis chalafoirt Cheanada sna 1840idí tagairt ar “the inability of entire shiploads of immigrants from Ireland to speak English.”(7) Ní hamháin ag feirmeoirí agus oibrithe a bhí teanga na Gaeilge. D’fhéadfaí teacht ar chainteoirí Gaeilge ag gach leibhéal den tsochaí. Bhí ról lárnach ag daoine mór le rá ar nós James Fitzgibbon, cainteoir dúchais, agus laoch Chogadh na bliana 1812 i stair Cheanada.(8) Agus Gael ab ea Proinsias Ó Coileáin a bhunaigh an tsaorphreas i gCeanada agus a mhol cearta na gCaitliceach agus na n-Éireannach. I gcathracha ar nós Torontó agus Halafacs, bhí an Ghaeilge á labhairt go forleathan agus bhí sí ina cuid bríomhar de chultúr na lonnaitheoirí Ceanadacha a bhí ag teacht chun cinn.

Le haghaidh lua, bain úsáid as: Ó Dubhghaill, Dónall. 2024. “1800-1845: Forbairt Lonnaíochta agus Oidhreachta.” Na Gaeil san Áit Ró-Fhuar. Gaeltacht an Oileáin Úir: www.gaeilge.ca

Is tuairimí an údair amháin iad aon tuairimí a nochtar, agus b’fhéidir nach léiríonn siad tuairimí Chumann na Gaeltachta.

Comhartha Airgid Ceanada

“Pure Copper Preferable to Paper” ina bhfuil Éireannach le bata ina láimh agus seamróga ina dhorn, le duilleoga darach agus seamróga. Bhí an-tóir ar an mbonn seo, atá ar cheann de go leor comharthaí Luath-Cheanada le híomhánna Éireannacha, i gCeanada Íochtarach (Québec)

Dúidín

Gné lárnach de shaol tuaithe na nGael, the simple clay pipe (in both the shorter Dúidín and longer Beannacht Dé styles) ba é an phíb chré shimplí (i stíleanna níos giorra Dúidín agus Beannacht Dé) é gné riachtanach de thraidisiúin na bainise agus na sochraide. Fuarthas amach ó chósta na hAlban Nua an ceann seo. Le caoinchead ó ©Parks Canada / Iarsma 5M5T1-22.

Bata Draighin

Is sampla ornáideach é an maide seo, dar dáta 1833-1867 agus a bailíodh i Kemptville, Ontáirio, de bhata draighin Éireannach. Baineadh feidhm as maidí draighin nach raibh chomh ornáideach mar airm bheaga chun bataireachta, a bhí coitianta ag aontaí, ag póstaí, ag sochraidí agus ag mórchuid cruinnithe eile.

Spotsolas na nÚdar

Tá eagráin Ghaeilge de bheathaisnéisí údair ag teacht go luath

Faigh amach scéalta faoi chainteoirí Gaeilge Cheanada san 19ú haois