Na Gaeil san Áit Ró-Fhuar

1600-1800: Tús na nGael i gCeanada

“Chuaigh mé ar bord loinge

‘Gus d’imigh mé ar bharr na dtonn

Agus ní dhearna mé stad nó ghearr

Ghur shroich mé an tOilean Úr.”

- Máire Ní Dhubhgáin (1)

Ba thuras ilghnéitheach é luath-theacht na nGael go Meiriceá Thuaidh a bhain acmhainneacht, inoiriúnaitheacht agus dúthracht leis. 

Tosaíonn scéal ar theacht na nGael go dtí an tOileán Úr in aimsir a bhí lán le beocht chultúrtha ach a bhí cur faoi chois pholaitiúil ar siúl ag an am céanna. Shroich naimhdeas Shasana, a bhí bunaithe i ndífríochtaí teanga, cultúir agus creidimh, buaicphointe i gcoinne na nGael nuair a ghlac Sasana seilbh ar ríogacht na hÉireann. Ba thús é seo do ré coinscleodh ina measadh go raibh dea-mhéin ar bith i dtaobh riail dhúchais na hÉireann tréasúnach in aghaidh choróin Shasana.

Nuair a cloíodh ríthe dúchasacha deireanacha na nGael sa bhliain 1601, daingníodh ceannas Sasana ar Éirinn agus spreagadh Imeacht na nIarlaí – deoraíocht bhuan uaisle na nGael. Chuir an t-imeacht seo tús le díshealbhú talún na gCaitliceach agus athlonnú ollmhór na hÉireann faoi stiúir Shasana. Ba thuar é seo ar bheartais choilínithe a chuirfeadh Sasana i bhfeidhm níos déanaí i Meiriceá Thuaidh i gcoinne na mBundúchasach.(2)

Na Taifid is Luaithe

Le linn an tsuaite seo, bhí láithreacht na nGael i gCeanada ag teacht ina chéile. Tugann taifid stairiúla le fios go dtéann turais Éireannacha chuig na Grand Banks i dTalamh an Éisc siar go dtí 1536 agus tá fianaise dhíreach ann ar thaisteal bliantúla idir an dá oileán faoi 1608. Chuaigh imircigh Éireannacha ar thurais iascaigh shéasúracha, rud a d’fhág spléachadh ar a saolta i stair bhéil.(3) Bhí an teanga ag rathú i measc na n-iascairí seo agus sar i bhfad bhí sí ag feidhmú mar theanga choitianta ina lán pobail bheaga, mar an Carbonear agus Conception Bay, ag cruthú féiniúlacht bhuan.(4)

Bealaí Éagsúla chuig an tOileán Úr

Bhí cineálacha éagsúla imirce go dtí an Talamh Nua. Lean luath-iascairí Thalamh an Éisc imirce shéasúrach. Toisc go raibh siad ag filleadh go rialta, mhair cumadóireacht ón gcoilíneacht in Éirinn lán-Ghaeilge i bhfad níos faide ná cumadóireacht Éireannacha eile ó Mheiriceá Thuaidh a d’imigh i léig le bás na gcainteoirí deireanacha a raibh cuimhne acu orthu. Mar gheall ar fheachtais thubaisteacha Oilibhéar Cromail in Éirinn, rinneadh go leor Éireannach a ionnarbadh mar phríosúnaigh pholaitiúla go plandálacha Mheiriceá Thuaidh agus an Mhuir Chairib.(5) Ionnarbach cáiliúl amháin ab ea Ann Glover. Spreag a teanga agus a creideamh amhrais. Cuireadh asarlaíocht ina leith agus ar deireadh cuireadh chun báis í i 1689. Is sa triail a cuireadh uirthi a faightear an tagairt is luaithe ar taifead don Ghaeilge i Meiriceá Thuaidh. De réir mar a mhéadaigh ar an ghéarleanúint in Éirinn, thosaigh lonnaitheoirí Éireannacha agus seirbhísigh faoi dhintiúr ag dul ar imirce dheonach ag lorg deiseanna úra i Meiriceá Thuaidh.

Pobail agus Oidhreacht a Mhúnlú

Tháinig borradh faoin eisimirce go Ceanada de réir mar a tháinig méadú ar smacht Shasana ar Éirinn. Sar i bhfad ba iad Éireannaigh a bhí ina tromlach in go leor pobail a bhí socraithe ar dtús ag Sasanaigh agus Albanaigh. Faoin mbliain 1768, tugadh suntas don Ghaeilge mar ghnáth-theanga Halafacs (Halifax).(6) D’imeascaigh lonnaitheoirí Éireannacha leis na pobail Fraincise,(7) agus leis na pobail Bundúchasacha freisin,(8) rud a d’fhág marc ar thaipéis ilghnéitheach Cheanada. Léiríonn an chumadóireacht atá fágtha ag Gaeil na hÉireann faoi Cheanada ag an am seo codarsnachtaí móra, cruatan, agus cuimhní cinn ar a dtír dhúchais, ag fígh oidhreacht d’acmhainneacht agus de fhéiniúlacht.

Le haghaidh lua, bain úsáid as: Ó Dubhghaill, Dónall. 2024. “1600-1800: Tús na nGael i gCeanada.” Na Gaeil san Áit Ró-Fhuar. Gaeltacht an Oileáin Úir: www.gaeilge.ca

Is tuairimí an údair amháin iad aon tuairimí a nochtar, agus b’fhéidir nach léiríonn siad tuairimí Chumann na Gaeltachta. Fanann aon chearta maoine intleachtúla leis an údar amháin.

Láí

Lena chrann tromfhada, a lann réidh, agus a chéim choise, úsáideadh an láí chun móin a bhaint agus prátaí a chothú. Tá cuma ar an gceann seo, fuarthas i Bonavista Bay, NFLD, go raibh sé deisithe agus oiriúnaithe go háitiúil. Dáta éiginnte ach de stíl luath. Le caoinchead ó The Rooms, St. John’s, Newfoundland and Labrador, Canada

Cé Tharla in Ionad Mé

Fógraítear sa dán seo gur as an Oileán Úr a chum Donnchadh Ó Súilliobháin, is dócha, i 1717 i dTalamh an Éisc de réir deárthamh. Maireann sé mar cheann des na cumadóireacht Ghaeilge is luaithe atá ar marthain ón Talamh Nua. Le caoinchead ón Leabharlannaí, Maynooth University, from the collections of St Patrick’s College, Maynooth.

Fáinne Cladaigh

Ceann de dhá fháinne ‘Cladaigh’ a fuarthas le linn tochailtí seandálaíochta ar ionad trádála fionnaidh an North West Company ag Rocky Mountain House i dtuaisceart Alberta, i bhfeidhm 1799-1821. Le caoinchead ó ©Parks Canada / Iarsma 16R4F5-6.

Spotsolas na nÚdar

Tá eagráin Ghaeilge de bheathaisnéisí údair ag teacht go luath

Faigh amach scéalta faoi chainteoirí Gaeilge Cheanada san 18ú haois