Na Gaeil san Áit Ró-Fhuar

1845-1900: Tionchar an Ghorta ar Cheanada

“Níl file ná fáidh dár ghnáthaigh cumann na Naoi,

Níl ollamh ná bard le fáil a bhlas an sruth sí,

Níl duine den dáil gan cháin gan donas gan díth,

Faoi chogadh lucht Béarla a sháraigh orainn le dlí.”

- Aodh Mac Domhnaill (1)

In ainneoin na ndúshlán a bhí ann mar gheall ar ghorta, comhshamhlú agus brú polaitíochta, rinneadh iarrachtaí an Ghaeilge a chaomhnú agus a athbheochan i gCeanada. Bhí constaicí suntasacha agus dearcthaí sochaíocha le sárú ag na hiarrachtaí seo, áfach, a chuir le meath na teangan.

Sa bhliain 1845, thárla tréimhse cinniúnach d’Éirinn agus dá teanga nuair a bhuail an Gorta Mór. Mar gheall gur theip ar an bpríomhbhia stáplacha, thárla bás agus eisimirce go forleathan. Fé smacht na Breataine, bhí Gaeilgeoirí imeallaithe agus de shíor i mbéal an bháis de dheascaibh an ocrais, agus iad ag brath ar mhonashaothrú prátaí.(2) Mar thoradh ar chailliúint an phríomhbharr glasraí stáplacha seo, bhí géarchéim dhaonnúil ann, le galair forleitheadach, líon mór corpáin gan adhlacadh, agus fiú canablacht.(3)

Tionchar an Ghorta agus Eisimirce

Is ar na daoine is boichte in Éirinn, agus Gaeilge ag a bhformhór, is measa a bhuail an Gorta Mór. Ag deireadh an Ghorta, bhí timpeall 1.8 milliún duine tar éis teitheadh ó Éirinn, 1.2 milliún acu siúd nár labhair ach Gaeilge amháin.(4) Sheol siad go Ceanada ar longa cónra contúirteacha, mar níor ceadaíodh longa a bhí galar-inmhíolaithe dugaireacht i gcalafoirt na Stát Aontaithe. Bhí deacrachtaí ollmhóra ann an rabharta a láimhseáil ag stáisiúin coraintín Cheanada, cosúil le Oileán na nGael (Grosse Île). Tháinig na mílte Éireannaigh sa tréimhse1846-1847, agus thóg sé a lán laethanta chun iad a chur i dtír, agus mar sin bhí na paisinéirí a bhí ag fáil bháis le hocras, na heasláin agus na mairbh gafa i dteannta a chéile.(5) I measc an 100,000 Éireannach a dhein iarracht Québec a bhaint amach i 1847 amháin, fuair timpeall 25,000 dóibh siúd bás. Bhí an turas thar a bheith deacair agus tragóideach.

“Many died of sea-sickness on the voyage, and they were thrown overboard. The bones of these poor people whiten today all the way from Ireland to America in the bottom of the Atlantic Ocean… The graves of thousands of people who lived in this district during the Famine years are to be found on the banks of the Saint John River in New Brunswick, and on the banks of Lake Ontario and Erie. There are to be found the final resting places of many of Ireland's sons and daughters, an unbroken chain of graves where repose fathers and mothers, sisters and brothers in one commingled heap without a tear bedewing the soil or a stone to mark the spot.”(7)

Tionchar ar Cheanada

Bhí tionchar as cuimse ag na hÉireannaigh a tháinig slán ón dturas ar dhaonra beag Cheanada. In áiteanna mar Naomh Eoin, Bronsuic Úr (Saint John, New Brunswick), agus Torontó, Ontáirio (Toronto, Ontario), tháinig méadú beagnach fé dhó ar an ndaonra.(8) Bhí go leor leanaí ina n-aonar nuair a tháinig siad isteach go calafoirt cosúil le Montréal. Chaill siad a dtuismitheoirí agus a ndeartháireacha go tragóideach le linn an turais chrua go Ceanada. Tógadh isteach iad le teaghlaigh áitiúla agus uchtaíodh iad, grásta na trócaire i measc a leithéid de achrann, agus a d’fhág lorg domhain ar an bpobal go brách.

Ní raibh ach Gaeilge ag go leor Éireannach, agus thosnaigh an Ghaeilge ag éirí níos forleithne i gCeanada le linn an ama seo.(9) Fén mbliain 1867, le linn Cónaidhm Cheanada, bhí líon cainteoirí Gaeilge (na hÉireann agus na hAlban le chéile) ar an tríú grúpa teanga Eorpach is mó i gCeanada, tar éis Béarla agus Fraincis. Chomh maith leis sin, ba as Éirinn seachtar Aithreacha an Chónaidhm, ar a laghad, nó bhí tuismitheoirí Éireannacha acu.

Fé dhaonáireamh 1871, d’admhaigh ceathrú cuid de dhaonra Cheanada (846,000) gur de shliocht Éireannach iad. I mbeagnach gach mórbhaile agus cathair Cheanada, bhí daonra na nÉireannach níos flúirsí ná daonra na Sasanach ná na nAlbanach. Bhí na hÉireannaigh chomh ceannasach sin gur cheistigh an staraí Julian Gwyn an bhféadfaí iad a rangú mar ‘ghrúpa eitneach’ ar bith.(10) Cé nár thosnaigh bailiú na sonraí ar úsáid na teangan go dtí 1901, is deimhnitheach gur raibh an Ghaeilge ag méid suntasach den daonra, mar gheall ar na sluaite a bhí tar éis plódú isteach ag teitheadh ón ngorta. Ba Ghaeil gan ach an Ghaeilge mar theanga iad dhá thrian d’íospartaigh an Ghorta Mhór a bhí tar éis teacht chun na tire.

Meath agus Cur Fé Chois an Teangan

Tar éis an Ghorta, tháinig an meath is mó ar an nGaeilge. Ceanglaíodh an Ghaeilge le bochtanas, tráma, agus bás níos doimhne i meon an phobail, óir b’iad na cainteoirí Gaeilge an dream ba mhó a d'fhulaing ón nGorta Mór agus freisin toisc an bochtanais chrua a bhí rompu i gCeanada.(11) Measadh gur bealach marthanais agus ratha a bhí sa Bhéarla dos na leanaí. Breathnaíodh ar an nGaeilge mar theanga a bhain leis an aimsir caite agus le náire.(12)

Fiú amháin laistigh den phobal Gaelach, ba chúis trua iad na Gaeilgeoirí aonteangacha agus deineadh magadh fúthu.(13) Ghearr córas oideachais na Breataine pionós ar gach mionteanga laistigh den Impireacht. Riaradh pionóis chorpartha as teanga dhúchais an duine a labhairt, agus d'fhág sé na scolairi le mothúcháin náire fé chuid speisialta dá bhféiniúlacht agus freisin gur chéim ar gcúl agus mícheart go bunúsach é an Ghaeilge a úsáid.(14) Dhein cuid daoine iarracht a mbunús meabhlach Gaelach a cheilt trí ghlacadh le ainmneacha bréige de bhunadh Angla-Shacsanaigh.(15)

Spreag Ruathair na bhFíníní sna 1860idí agus sna 1870idí tuilleadh cur síos ar na hÉireannaigh chomh maith le feallmharú Tomás D’Arcy Mac Aoidh (Thomas D'Arcy McGee) ag Fíníní amhrasta i 1868, an chéad fheallmharú polaitiúil i stair Cheanada.(16) Bhí a lán den phobal Gaelach dátheangach i mBéarla nó i bhFraincis, agus measadh gur chúis náire é labhairt na Gaeilge.(17) Fé dheireadh na 1800idí, ní raibh ach céatadán beag leanaí fós á dtógáint leis an nGaeilge.

Iarrachtaí Athbheochana

In ainneoin na ndúshlán a bhain leis an nGorta Mór, leis an gcomhshamhlú agus leis an mbrú polaitiúil, rinneadh iarrachtaí an Ghaeilge a chaomhnú agus a athbheochan i gCeanada. Cuireadh ranganna Gaeilge poiblí ar fáil in Torontó chomh luath le 1862.(18) Tháinig cumainn Ghaelacha éagsúla chun cinn i gcathracha Cheanada le linn na tréimhse seo. Ba é an Celtic Society of Montréal a d'eagraigh staidéar ar theangacha agus ar litríocht na gCeilteach,(19) agus ba i mBaile Sheáin (St. John’s) a bunaíodh Society for the Preservation of the Irish Language. Bhí an Ghaeilge á múineadh fiú i scoileanna, ar nós St. Bonaventure’s i dTalamh an Éisc (Newfoundland).(20) Ach bhí constaicí suntasacha agus deachrachtaí sochaíocha ag baint leis na hiarrachtaí seo, áfach, a chur le meath na teangan.

Bille Teanga

Sa bhliain 1890, cuireadh tús le díospóireachtaí parlaiminte ar bhille cinniúnach an tSeanadóra Cheanada, Tòmas Raibeart Mac Aonghais, chun stádas oifigiúil a chur ar fáil do Ghaeilge na hAlban i gCeanada ar son na hÉireannach agus na nAlbanach araon.(21) In ainneoin litreacha tacaíochta a fháil ó gach cearn den tír, theip ar an mbille le vóta 49-6, mar gheall ar smaointearacht coilíneach seanaimseartha fé neamhthábhacht na mionteangacha. Léirigh sé seo na deacrachtaí a bhí ag pobail mhionlaithe aitheantas agus glacadh a fháil i gCeanada. Ó 1840-1900, bhí fáilte curtha ag Ceanada amháin roimh thart ar 600,000 Éireannach. Agus fós féin agus an 19ú haois ag druidim chun deiridh, bhí an cuma ar an scéal go raibh an Ghaeilge ag dul in éag ar fud an domhain.

(Image: McInnes, Thomas, Robert Dr., M.P. for New Westminister, British Columbia. Adapted from: Library and Archives Canada/Topley Studio fonds/PA-028316)

Le haghaidh lua, bain úsáid as: Ó Dubhghaill, Dónall. 2024. “1845-1900: Tionchar an Ghorta ar Cheanada.” Na Gaeil san Áit Ró-Fhuar. Gaeltacht an Oileáin Úir: www.gaeilge.ca

Is tuairimí an údair amháin iad aon tuairimí a nochtar, agus b’fhéidir nach léiríonn siad tuairimí Chumann na Gaeltachta.

A Ghaeilic Mhín Mhilis!

Cuid de dhán a cumadh i nGloucester Theas (Enniskerry) Ontáirio agus a bhailigh Tomás Ua Baíghell. Foilsíodh sa nuachtán ‘The Irish-American’ é in 1860 sa chló Gaelach agus trí litriú pearsanta Uí Bhaíghell.

Seaicéad Fíníneach

Gabhadh an seaicéad fíor-annamh seo, a chreidtear gurb é an t-aon éide Fhíníneach a tháinig slán, le linn ionradh 1870 ar Québec. Bhí sé mar aidhm ag Bráithreachas na bhFíníní i Meiriceá Ceanada a ghabháil agus í a choinneáil go dtí go n-aontódh an Bhreatain le neamhspleáchas na hÉireann. Tháinig méadú suntasach ar náisiúnachas Cheanada de bharr na n-ionradh. Le caoinchead ó ©Parks Canada / Iarsma XX.88.9.1.

Feadóg Stáin Clarke

Déanta as pláta stán le plocóid béil as adhmaid, dhein Robert Clarke olltáirgeadh na bhfeadóg seo den chéad uair i 1840. Ardaíodh go tapa í mar cheann des na huirlisí is mó a úsáidtear i gceol na hÉireann. Ba leis an gceoltóir traidisiúnta Parker Buck (1858-1946) as Kingston, Ontáirio an ceann seo.

Spotsolas na nÚdar

Tá eagráin Ghaeilge de bheathaisnéisí údair ag teacht go luath

Faigh amach scéalta faoi chainteoirí Gaeilge Cheanada tar éis an Ghorta