Na Gaeil san Áit Ró-Fhuar

1950-1990: Athmhúscailt Chultúrtha

Tá rian ár dteangacha trasna na mór-roinne seo go hiomlán, ó Thír an Éisc a chur Donnchadh Rua i rannta beoga, agus Alba Nua 'na bhfuil an Ghàidhlig beo fós, go California… stát 'na bhfuil lámhscríbhinn Ghaelach de 686 lgh., a scríobh Tadhg Ó Conaill i mbliain 1827, insan Leabharlann Huntington fós.

- Pádraig Ó Broin (1)

Ó hEadhra, Aodán. 1981. The Forgotten Irish. Raidió Teilifís Éireann.

De réir mar a cailleadh an dream deireanach des na cainteoirí dúchais i gCeanada, deineadh iarrachtaí tionchar na Gaeilge a choinneáil beo agus naisc a chruthú idir na pobail Gaeilge a bhí scaipthe ar fud Cheanada.

Chun ómós a thabhairt don oidhreacht bhunaidh seo, cuireadh tús le hiarrachtaí sa tarna leath den 20ú haois chun an cultúr Gaelach a bhí fágtha i gCeanada a thaifeadadh. Leis an mian ábhair Ghaeilge a fhoilsiú bunaíodh Cló Chluain Tairbh i Torontó sa bhliain 1939. Chuir an teach foilsitheoireachta beag seo amach “Irisleabhar Ceilteach,” á fhoilsiú don chéad uair sa bhliain 1952, agus “An Teangadóir,” ceann des na chéad irisleabhair Phan-Cheilteach ar domhan, á fhoilsiú ar dtúis sa bhliain 1955. B’iad na béaloideasóirí iad mar Joan Finnigan agus Edith Fowke a thaifead scéalta agus amhráin de shliocht na nÉireannach in Ontáirio (Ontario) agus Cuebec (Québec) sna 1950idí, taifeadtaí a léirigh go bhfuil fréamhacha láidre Éireannacha i gceol tíre Cheanada agus tionchar amhránaíochta ar an “sean-nós,” le fáil i stíleanna traidisiúnta amhránaíochta Cheanada.(2)

Sna 1940idí, thosnaigh Don Messer ó Tweedside, Bronsuic Úr (New Brunswick), ag seinnt a fhidil don Canadian Broadcasting Corporation (CBC). Thug a chumas iontach aird náisiúnta ar fhoinn thraidisiúnta Ghael-Cheanada, agus bhainfeadh sé leas as a hardán go leanúnach chun stíleanna níos lú tóir agus stíleanna réigiúnacha a chur chun cinn, damhsóireacht sa stíl ‘Ottawa Valley Step’ mar shampla. Craoladh a chuid séiseanna rince trí raidiónna agus teilifíseáin, agus gabhadh croí na mílte Ceanadach. Le tríocha bliain anuas, bhí lucht féachana agus éisteachta fé dhraíocht ag foinn dhraíochtúla Messer, agus fé na 1960idí, bhí a sheó, “Don Messer's Jubilee,” ar an dara clár is mó a raibh daoine ag breathnú air i gCeanada ar fad, ag sraoileadh i ndiaidh an seó íocónach “Hockey Night in Canada.”

Royal Dionne and Gilles Roy ag cur céimeanna sa stíl Ottawa Valley Step. 1950s. Ó Don Messer’s Jubilee Vol 1. CBC. 1985.

Bhí an-mheas ag Messer ar bhfréamhacha an cheoil Cheanada, agus é ag fógairt, “[it’s] not Western or cowboy music. Our tunes have been around for two or three hundred years. They’re folk tunes passed from generation to generation.” Léirigh a hoidhreacht an tionchar ollmhór a bhí ag na hÉireannaigh ar cheol agus ar dhamhsa traidisiúnta Cheanada, ag cinntiú láithreacht buan na hoidhreachta i bhfuaimdhreach Cheanada.

I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, mar gheall ar rathúnas méadaitheach agus tuilte inimirce nua, aistríodh déimeagrafaic na bpobal agus na gcomharsanachtaí seanbhunaithe Éireannacha, ar nós Corktown agus Cabbagetown i gcathair Torontó. Mar thoradh ar uirbiú, deineadh athmhúnlú ar phobail áitiúla mar Griffintown agus Goose Village i Montréal. Leis na glúnta, bhí rath ar an nGaeilge agus ar an gcultúr sna pobail seo, a bhí tar éis fás aníos as na slumaí inar shochraigh teifigh ón nGorta Mór, in aice le botháin fhiabhrais na cathrach. Díláithríodh na cónaitheoirí agus leagadh an dá chomharsanacht seo beagnach go hiomlán mar ullmhúchán don Expo ‘67. Sna 1970idí, cuireadh stádas eisiach na bhFraincise mar teanga oifigiúil i bhfeidhm le láimh níos láidre i gCuebec (Québec). Chuir sé seo go mór le meath na féiniúlachta Éireannaí sa chúige de réir mar a d’imigh líon mór daoine le chúlraí Éireannacha, Albanacha agus Sasanacha amach as Cuebec.(3) Ag an am céanna, dúnadh síos 250 pobail áitiúla iascaigh, ag rialtas Thalamh an Éisc (Newfoundland), agus bhíodh gach port beag acu sin ina bhunsraith de chultúr Thalamh an Éisc. Cuireadh leis an réabadh ollmhór cultúrtha seo nuair a theip go tubaisteach ar an iascach trosc i 1992, agus cailleadh na céadta pobal áitiúil eile sa chúige.

Cailleadh Cainteoirí Dúchais

Léirigh daonáireamh na bliana 1961 go raibh an fhéiniúlacht Éireannach a bhí beo beathach roimhe sin ag dul i léig go tapa, agus níos lú ná 10% de Cheanadaigh fós á n-aithint féin de phór Éireannach. Bhí foghlaimeoirí dara-teangan ag déanamh sar-iarrachtaí máistreacht a fháil ar an dteanga agus í a chur chun cinn ar scála níos leithne, ach d’anneoin sin bhí an Ghaeilge ag teannadh leis an mbás agus meath mór ag teacht ar an líon beag teaghlach a bhí tar éis an teanga a chaomhnú leis na blianta, i líne gan bhearna. Níor tógadh leanaí trí mheán na Gaeilge a thuilleadh, agus cé go raibh a muintir tar éis í a labhairt agus a chothú i gCeanada ar feadh na nglúnta, coinníodh an méid sin fé rún de dheascaibh an náire agus faillí. Cailleadh John 'Jack' Scallon, an cainteoir dúchais deireanach i gCuebec (Québec), sa bhliain 1953, agus ní raibh greanta ar a leac uaighe ach “Irish fiddler.” Le bás gach cainteoir dúchais, ba lú an t-eolas a bhí fágtha ar chultúr, scéalta, agus amhráin uathúla Cheanada. Mheabhraigh an Dr. Peter Toner, a d'fhás aníos timpeall ar chainteoirí Gaeilge i mBronsuic Úr (New Brunswick): “Many seemed to have survived into the 1960s, but probably most had nobody to talk to.”(4)

Is dóigh go raibh Raymond Creamer, a saolaíodh i mBronsuic Úr i 1914, i measc na ndaoine deireanacha a tógadh go dátheangach leis an nGaeilge. Nuair a cailleadh é i 1988, sarar deineadh aon obair bhailiúcháin, cailleadh an teanga i gCeanada go mór. B’iad na píosaí a chaomhnaíodh ó fhoinse na nGaeilge as cultúr béil na Ceanada ansin ná iad siúd a chuimhnigh lucht an Bhéarla orthu go foghraíochta, gan aon t-eolas acu ar bhrí na bhfocal.

I dTalamh an Éisc (Newfoundland), bhí cúpla amhránaí fós in ann amhráin i nGaeilge a chanadh sna 1980idí, John Joe English ó Bhranch, St. Mary’s Bay mar shampla.(5) Bhí John Joe ina choimeádaí ionúin ar chultúr Thalamh an Éisc. Bhí amhrán ‘Gaelic’ ina stór, leagan áitiúil don amhráin Siúil a Ghrá, mar mhearchuimhne de ré chaillte.

Taifead le John Joe agus Anita Best, 1977. Le caoinchead ón Memorial University of Newfoundland - Digital Archives Initiative

Athbheochan Acadúil agus Cultúir

Le cailleadh na gcainteoirí dúchais deiridh i gCeanada, deineadh iarrachtaí sprid na Gaeilge a choinneáil beo ar fud na tíre. In Éirinn, de bharr mhian gníomhach i gcaomhnú agus i gcur chun cinn an chultúir Ghaelaigh bunaíodh Comhaltas Ceoltóirí Éireann, eagraíocht a bhfuil sé mar sprioc aici ceol, cultúr, agus go háirithe teanga na hÉireann a chur ar aghaidh. Scaip Comhaltas ar fud an domhain, agus d’oscail craobhacha ar fud Cheanada i rith na 1970idí a bunaíodh ceangail i measc phobal Éireannacha a bhí scartha óna chéile. Thosaigh Ceanada ag glacadh le polasaí oifigiúil ilchultúrachais, polasaí a léirigh athrú ó na hionchais chomhshamhlaithe a bhí ceannasach tráth, agus a réitigh an bealach le go dtiocfadh rath ar fhéiniúlachtaí cultúrtha éagsúla.

Tháinig forbairt úrnua ar an bpobal acadúil nuair a bunaíodh Roinn an Léinn Cheiltigh ag Saint Michael’s College, University of Toronto i 1975. Den chéad uair riamh, thárla go raibh ardoideachas sa Ghaeilge ar fáil laistigh de Cheanada. Le tacaíocht ó UNESCO i 1983 tháinig borradh breise san athbheochan trí mhaoiniú a thabhairt do thionscnaimh chun na teangacha Ceilteacha a mhúineadh agus cultúir na gCeilteach a chur chun cinn ar fud an domhain. Sa bhliain 1988, deineadh an chéad staidéar cuimsitheach ar na hÉireannaigh i gCeanada dar teideal “The Untold Irish” foilseachán a nocht oidhreacht dhomhain-fhréamhaithe Ghaelach na tíre.

I dtacaíocht níos leithne ar son an chultúir Ghaelaigh, tháinig craobhacha Chumann Lúthchleas Gael a bhí bunaithe cheana féin ar fud Cheanada mar (Torontó, Montréal, Vancoubhair agus Ottabha) le chéile chun Cumann Lúthchleas Gael Cheanada a bhunú i 1987, ag athdhearbhú a dtiomantas chun a bhfréamhacha cultúrtha agus a n-oidhreacht Éireannach a chaomhnú.

Le haghaidh lua, bain úsáid as: Ó Dubhghaill, Dónall. 2024. “1950-1990: Athmhúscailt Chultúrtha.” Na Gaeil san Áit Ró-Fhuar. Gaeltacht an Oileáin Úir: www.gaeilge.ca

Is tuairimí an údair amháin iad aon tuairimí a nochtar, agus b’fhéidir nach léiríonn siad tuairimí Chumann na Gaeltachta.

  • Background video use under Fair Dealing: Ó hEadhra, Aodán. 1981. The Forgotten Irish. Raidió Teilifís Éireann.

    1. Pádraig Ó Broin. 1955. “Rian Teangtha na gCeilteach i Meirice.” Teangadóir. 2.9. Cló Chluain Tairbh: Toronto.

    2. Among the Canadian traditional ballads, nearly all of those about sea voyages and shipwrecks, life in the lumbercamps, and tragic accidents in the woods or on the rivers are cast in the typical Irish pattern. It consists of four-line stanzas with seven stresses to each line. The tunes are usually in 6/8 time and the structure is usually ABBA. The rhyme pattern usually is AABB but can vary, especially when it makes use of the characteristic Irish internal rhyme.

    3. Prattis. J.I. 1980. “Ethnic Succession in the Eastern Townships of Quebec.” Anthropologica. New Series 22 (2). Canadian Anthropology Society.

    4. Doyle, Danny. 2015. Míle Míle i gCéin: The Irish Language in Canada. Borealis Press: Ottawa.

      This was the experience of Eoin Mhic Comas, a Manx speaker in Kirkland Lake, Ontario: “It was on my mind for a while to start a Gaelic society here but, working three to eleven every day, I could have done nothing to help it along. So, apart from the three young Irishmen - Louis joined the air force, Tommy went to Toronto, John was drowned in the lake - and John Gillis, now blind, I have spoken but little - scarcely a word for over a year… I saw little sense in writing Gaelic that no one was much interested in, so gradually dropped it. Then again, I guess I gradually slowed in my work and the inspiration left me.” Irisleabhar Ceilteach. 1.3. (1953)

      Scottish Gaelic was in a similar situation, and in 2001 the last native speaker of Scottish Gaelic in Ontario, Ellic mac Dòmhnaill, passed away. This marked the end of five generations speaking Gaelic in his community of Gleann Garadh. On his deathbed, Ellic said: “All I ask is that someone talk to me in the Gaelic before I go then I’ll be ready.”

    5. It is clear that the words are being recited phonetically, likely with substitions or repetitions added by subsequent English singers. A suggested reading could be “Siúil, siúil, siúil a ghrá /siúil go socair agus siúil go d’reach / siúil go dtí ‘n sagart (a) rúin / is go dtí (dté?) mo mhuirnín sláinte”

      All other cited references, numbers, or quotations as from: Ó Dubhghaill, Dónall (Doyle, Danny). 2019. Míle Míle i gCéin: The Irish Language in Canada. 2nd Ed. Boralis Press: Ottawa.

Irisleabhar Ceilteach 1.1

An chéad imleabhar den iris Phan-Cheilteach a d’fhoilsigh Pádraig Ó Broin as Torontó, Ontáirio i 1952. Tá comhfhreagras i ngach ceann des na teangacha Gaelacha ann a sheol cainteoirí ar fud Mheiriceá Thuaidh isteach chun na hirise, chomh maith le sleachta próis agus filíochta.

Ba as comhluadar an-bhríomhar ceoil Gaelach i Montréal a dtáinig an banna ceoil Barde, le ball na Gaeltachta, Chris Mac Raghallaigh, ina amhránaí. Thug Barde suntas do thraidisiúin Ghaelacha na Cuebice agus cheol traidisiúnta Cheanada.

Irish Independant (16 Mar 1981)

Tháinig muintir Aloysius (Aly) O’Brien go Freshwater, Talamh an Éisc, sna 1820idí. Ba chainteoir dúchais as Cill Chainnigh í a mháthair chríonna. Thug Aly agus an Dr. John Mannion aird idirnáisiúnta ar oidhreacht Ghaelach Thalamh an Éisc. (Le caoinchead ó Memorial University of Newfoundland - Digital Archives Initiative, modhnaithe chun íomhá an chéad leathanach eile a chur san áireamh)

Spotsolas na nÚdar

Beidh leagan Gaeilge de bheathaisnéisí ag teacht go luath

Faigh amach scéalta faoi chainteoirí Gaeilge Cheanada san 20ú haois