Na Gaeil san Áit Ró-Fhuar

1900-1950: An Tost Mór

I stand before the Book of Ballymote,

The Book of Leinster, the Leabhar Breac, and last

The oldest, Leabhar na hUidhre – tomes that hold

My people’s history in a thousand ranns:

I cannot read a word.

I do not know the tongue my fathers spoke,

I cannot sing the songs my fathers sang,

I cannot read the books my fathers wrote;

Treasure on treasure in my eager hands:

I cannot read a word.

- Pádraig Ó Broin, “Disinherited” (1)

In ainneoin iarrachtaí caomhnaithe agus úsáid leanúnach i bpobail ar leith, bhí dúshláin shuntasacha os comhair na Gaeilge go luath san 20ú haois, rud ba chúis le laghdú go raibh tionchar aige ar tharchur agus ar fheasacht an phobail araon.

I ndaonáireamh Cheanada 1901, d’fhéadfaí Gaeilge na hÉireann nó na hAlban a liostú mar an chéad teanga a labhraíodh sa bhaile. Léiríonn an daonáireamh seo gur seachadadh an Ghaeilge ar aghaidh ó ghlúin go glúin i measc na nGael i gCeanada. I lonnaíocht amháin a raibh staidéar déanta air, Gagetown, Bronsuic Úr (New Brunswick), bhí 20% den daonra ina gcainteoirí Gaeilge, agus níor rugadh ach mionlach díobh in Éirinn.(2) D’ainneoin an anachain, bhí an teanga tar éis teacht slán ar fhód Cheanada agus tá taifid ann go raibh leanaí á dtógaint le Gaeilge i gCuebec (Québec), in Ontáirio (Ontario) agus i dTalamh an Éisc (Newfoundland). Mar sin féin, bhí go leor leanaí na nGael den ré seo ag fás aníos gan a fhios acu riamh cén teanga a labhair a ngaolta níos sine le chéile, go háirithe i dteaghlaigh a raibh tráma an Ghorta Mhóir orthu.(3) Fiú na daoine a chláraigh iad féin go bródúil mar chainteoirí Ghaeilge, d’fhorscríobh oifigigh rialtais a gcuid iontrálacha chun “English” a rá in ionad “Irish”.(4)

Iarrachtaí Caomhnaithe

De réir mar a lean úsáid na Gaeilge ag dul i laghad, bunaíodh cumainn chun an teanga a chaomhnú i gCeanada. Bunaíodh The Gaelic Revival Association of Ottawa, Cumann Gaelach Ottabha, i 1901. Bunaíodh Ancient Order of the Hibernians in Ontáirio i 1904 agus bhí sé mar aidhm acu oideachas Gaeilge a thabhairt isteach sna scoileanna agus leabhra Gaeilge a chur ar fail sna leabharlanna poiblí.(5) Thug Dubhghlas de hÍde, bunaitheoir Chonradh na Gaeilge in Éirinn, léachtaí poiblí ar athbheochan domhanda na teangan, agus tharraing na léachtaí seo sluaite móra. D’fheastrail 1,200 duine ar léacht amháin díobh i dTorontó in 1906. Bhí craobhacha Chonradh na Gaeilge le feiceáil i gcathracha móra ar fud na mór-roinne, ina measc, Torontó, Ottabha, Montréal, Cathair na Cuebice (Québec), agus Baile Sheáin (St. John’s). Bunaíodh Cumann Muinntearach na n-Gaedheal i Woodstock, Ontáirio, i 1908 chun pobal a chruthú i measc cainteoirí agus scríobhnóirí Mheiriceá Thuaidh.(6) Thosnaigh an Cumann seo ag dáileadh An Bád Beag Glas, iris ar an mbeagán ar domhan ag an am a bhí go hiomlán trí mheán na Gaeilge.(7)

Dúshláin agus Cur i gCoinne

Bhí cur i gcoinne ann in aghaidh na n-iarrachtaí chun an teanga a chaomhnú ó ghnáthshochaí Bhéarla Cheanada. Bhí na nuachtáin ag caitheamh anuas ar Conradh na Gaeilge, agus á lipéadú mar Fhíníní, mar sceimhlitheoirí, nó mar ídéalaithe míthreoracha. Fén gCéad Chogadh Domhanda, bhí cosc ar nuachtáin Éireannacha i gCeanada mar fhoinse ceannairce.(8) Chabhraigh go leor Ceanadach leis an iarracht chogaidh trí dhul isteach i reisimintí Éireannacha, agus d’fhulaing pobail ar fud Cheanada caillteanais mhóra. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, chuir Rialtas Cheanada cosc ar Ghaeilge (na hAlban go háirithe). Le brú ó gach taobh, tháinig meath tapa ar tharchur na teangan. Ní de réir faillí amháin a chuaigh an teanga i léig; bhí sé ceilte d’aon ghnó as náire, mar a thug Proinsias Mac Aonghusa faoi deara:

“Could it have happened so gradually that it went unnoticed? This would appear to be most unlikely...Were the children of the original settlers ashamed of the fact that their parents spoke English poorly and used a foreign language among themselves? Did they deliberately hide this ‘shameful’ fact from their children and so on? It is difficult to think of other likely explanations.”(10)

Imeacht agus Oidhreacht

Is beag nár imigh an Ghaeilge ó fheasacht an phobail le linn an 20ú haois. I Leithinis Avalon i dTalamh an Éisc, lean roinnt teaghlach ar aghaidh ag labhairt na Gaeilge tar éis an Chéad Chogadh Domhanda, ach tháinig deireadh leis an gcanúint áitiúil ar leith a bhíodh acu ag pointe neamhchinnte.(11) Bhí an méid sin imeallú déanta ar an dteanga agus neamhaird tugtha uirthi, gur beag suntas a thug Ceanada an Bhéarla nó Ceanada na Fraincise ar a meath. Fé dhaonáireamh 1931, bhí an teanga imithe i léig i gCeanada, agus níor tógadh le Gaeilge ach cásanna ar leith de leanaí. Aithnítear anois na torthaí sóisialta tubaisteacha a bhaineann le cailliúint teangan agus cultúir, cé gur beag taighde atá déanta ar na tionchair laistigh de dhiaspóra domhanda na nGael.(12) I gCeanada, deineadh rún náireach den Ghaeilge, ceilte ar leanaí taobh thiar de dhóirse iata. Ba í seo taithí an Dr. Peter Toner, a d’fhás aníos timpeall ar theaghlaigh Ghaeilge i mBronsuic Úr.

“It was a “secret” language in my time, not spoken outside the home, or when others were in the house… The language was seldom spoken when anyone else was around, but once they left, "jabber, jabber" mixed with gossip about the departed company…”(13)

Le haghaidh lua, bain úsáid as: Ó Dubhghaill, Dónall. 2024. “1900-1950: An Tost Mór.” Na Gaeil san Áit Ró-Fhuar. Gaeltacht an Oileáin Úir: www.gaeilge.ca

Is tuairimí an údair amháin iad aon tuairimí a nochtar, agus b’fhéidir nach léiríonn siad tuairimí Chumann na Gaeltachta.

An Bad Beag Glas

Curtha i gcló i 1909 ag Cumann Muinntearach na n-Gaedheal i Woodstock, Ontáirio. Cuireadh fáilte roimh “Gaeilgeoir ar bith nó mac léinn ar bith atá in ann é féin a chur in iúl go soiléir i nGaeilge scríofa” agus thug siad foláireamh “go bhféadfaí ball ar bith a bhíonn ag úsáid Béarla de ghnáth ina chomhfhreagras a scor den bhallraíocht.” Bhí mná i dteideal ballraíochta ar na coinníollacha céanna le fir.

Pipes of Three Nations (1928)
William Clarke

Ar cheann des na taifeadtaí is luaithe ar bhonn tráchtála de phíopaí Uilleann, ba le John agus Cora Card, as Tamworth, Ontáirio an taifead seo (an ceantar ina bhfuil Gaeltacht an Oileáin Úir suite).

An Chéad Dán

Dán a chum Pádraig Ó Broin i 1936, ag cur síos ar a mhian a bheith ina fhile Gaelach agus ar an ndíspreagadh a tugadh dó ar an smaoineamh. Chum sé i dTorontó, Ontáirio é agus é lámhscrite aige sa chló Gaelach.

Spotsolas na nÚdar

Beidh leagan Gaeilge de bheathaisnéisí ag teacht go luath

Faigh amach scéalta faoi chainteoirí Gaeilge Cheanada san 20ú haois