Teagasc Críostaí (1815)

Illuminated by Josephés Rhaoid in Ireland and carried by him to Miramichi, New Brunswick.

Step into the world of Teagasc Críostaí, an illuminated manuscript that weaves a tapestry of history, cultural migration, and resilience. Crafted by the skilled hand of scribe Josephés Rhaoid (Joseph Read) in 1815 Ireland, this precious document embarked on a remarkable journey, following Joseph to Miramichi, New Brunswick, as he sought a new life across the Atlantic. Little did Rhaoid know that his creation would endure challenges that would test its very existence.

This illuminated masterpiece withstood the trials of emigration and the ravages of the Great Fire of Miramichi, and traversed the vast landscape of North America through the hands of dedicated Irish-speakers. Teagasc Críostaí, like a resilient phoenix, rose from the ashes of adversity, carrying with it the spirit of Irish heritage.

The roots of this manuscript trace to Parrthas An Anma (“Paradise of the Soul”), written by Antoin Gearnon in 1645 in Louvain, Belgium. The easily-understood Irish of Gearnon's book offered solace and spiritual guidance to the uneducated Catholics of Ireland during a time when Irish traditions faced persecution by the English. Gearnon's work became a symbol of resilience, and the Gaelic type printing press that birthed Parrthas An Anma was among the first of its kind, influencing Irish typography for centuries afterwards.

Now resting at University College Dublin, this manuscript warmly welcomes us to uncover the cultural richness it carried to Canada within its pages.

 
 
 
 
 

We cannot know how many pages may have been lost to emigration and fire, and there now only remains the cover inscriptions and the table of contents of this amazing document. To expand the understanding of what this page represents, and to explore some of the knowledge Irish emigrants carried with them, we present here also the text of Parrthas an Anma for each item of Joseph’s surviving table of contents.

  • An Ċead Ran̄ don Páırtáſ so Tráſáſ ar an ḃfreacar Leaṫeaṁuıl

    Clár an Leabair Mhúinfeas an Leathanach ina bhfuil tús gach ní a bhfuil ann

    An Chéad Rann don Phárthas seo Tráchtas ar an bhFreagar Laethúil

    Table of Contents which shows the page in which is the start of everything there is

    The First Section of this Parthas which Discusses the Daily Responses

  • An 1 chaibidil don urnaithe is indéanta ag éirí san maidin̄

    The 1st chapter of the prayers that are possible in the morning

    Ceist: Céard is indéanta san maidin?

    An freagra: Gach ní is oircheas don chríostaí.

    Céard is oircheas don chríostaí? Ó thús, iar múscladh as a chodladh dhó, a intinn do thógáil chun Dé agus a choisreaca ag rá: “In ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spiorad Naoimh. Áiméan.

    Beannú dhuit, a Thríonóid Naofa dhoidheadhla, anois agus riamh agus a saol na saol. Áiméan.”

    'Na dhiaidh sin, ag éirí as a leaba, guíodh Íosa ag rá:

    Ortha.

    Á mo Shlánaitheóir a Íosa Críost, do cheannaigh mé ar t'fhuil agus d’éirigh an treas lá as an tuama go glórmhar, do bheirim buíochas d’fhaisnéise dhuit, trí mar do chumhdaíos go só agus go speisialta san oíche-se mé. Éirím anois i t'ainm, agus guím thú ar son do pháise, stiúr agus rialaigh, coimhéad agus beannaigh mé inniu agus feadh mo bheatha agus treoraigh chun na beatha síoraí mé. Áiméan.

    Arís, ag gabháil a éadaigh uime, smaoineamh ar éadach agus ar ionstraimintibh páise a Thiarna Críost; agus dá bhrí sin, ag cur a bhróg air, smaoineamh ar thairnibh na gcos agus ar an gcoróin spíne ag folach a chinn; ag dúnadh a chnaipe, ar na scíuirsibh agus ar an éadach púrpair, 7rl. Iar gcur, iomorro, a éadaigh uime, léagadh é fhéin ar a ghlúinibh do ghuí agus do thabhairt buíochais do Dhia ar son a dtug do thiodhlaicthibh dhó agus trí mar do chumhdaigh é ‘gus an uair sin, ag rá, agus a bhosa le chéile agus a aghaidh suas: “In ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spiorad Naoimh. Áiméan.”

    Ortha.

    Á mo Thiarna, A Dhé uilechumhachtaigh, a Chruthaitheóir neimhe agus talún, a Rí na rí agus a Thiarna na dtiarna, do rinne mé do réir do chrutha agus do chosúile féin, agus d’fhuascail mé le t'fhuil; adhraim thú, molaim thú, do bheirim an uile ghlóir agus onóir agus buíochas doi-mheasda duit ar son mo chruthaithe, críostaí do dhéanamh dhíom, mo shlánaithe, agus mo chumhdaigh ‘gus an uairse. Ó a Thiarna, ofráilim agus iodhbruim dhuit go humhal iníseal, anois agus feadh mo bheatha, mh'anam agus mo chorp, mh'uile bhriathra agus smaointe, m'uile ghníomha agus luadhaill, agus mo bheatha go hiomlán; cuirim romham d'intinn agus do rún daingean gach a ndingean ó seo súas feadh mo bheathadh do bheith chun do thola do choimhlíonadh, do mhéudú do ghlóire agus th'onóra, agus chun do sheirbhísi. Ó a Thighearna, glac mo dheaghthoil, neartuigh mh'anbhfhainne, agus treóraigh chun na beathadh suthaine mé, tré Chríosd ar ttighearna. Amén.

    'Na dhiaidh so abradh trí Paidre, trí Aue Maria, agus an Chré; an chéud Phaidear chun an Athar neamhdha ag tabhairt bhuidheachuis dhó ina thiodhlaicthibh; an dara Paidear chun an Mhic shíordhuidhe ag iarraidh deighbheathadh agus deaghbháis san saoghal-sa air; an treas Paidear chun an Sbiorad Naoimh ag iarraidh na beathadh suthaine san saoghal thall; na trí Aue Maria chun Muire, agus an Chré chun na n-absdal aga iarraidh orra bheith 'na n-adhbhocóidibh aige chun Dé.

    Iarn-a gcríochnú so, abradh a Chonfiteor ar an modh-so.

    Admhaim do Dhia uilechumhachdach, do Mhuire bheannaighthe ghnáthóigh, do Mhíchéul archaingeal, d'Eóin Baisde, do na naomhapsdalaibh do Pheadar agus do Phól, agus do na huile naomhuibh, gurab mór do pheacaigheas ó smuaineadh, ó bhréthir, agus ó ghníomh; mo chionta, mo chionta, mo roi-chionta.

    Sgrúdadh annso a choinsias, agus má do thuit a bpeacadh mharbhtha nó sologhtha déunadh croidhebhrúdh do láthair, ag rádh:

  • An croí-bhrú

    The contrition

    A Thiarna, a Dhé uilechumhachtaigh, noch adhraim agus ghrádhaighim os cionn na n-uile, goillidh orm go ró-mhór agus treaghdaidh mo chroí fearg do chur ort agus do neamhthoil do dhéanamh, agus sin ar do shon féin atá ad mhaith dhoi-chríochnaighthe agus ar son an ghráidh dlighthear dhuit; agus ar son an ghráidh chéudna cuirim romham anois go síthmheanmnach do láthair na banóighe glórmhaire Muire, do mháthar millsi, agus do láthair mh'aingil choimhideachda agus na cúirt neamhdha archeana, gan éinpheacadh do dhéunamh go bráth id th'aghaidh, agus fós m'fhaoisidin do dhéunamh, mar as luaithe fhéadfad, go rún ndaingean mo bhreath aithrighe do choimhlíonadh.

    'Na dhiaidh sin abradh: Uime sin guidhim naomhMuire mhaighdean, Míchél archaingeal, Eóin Baisde, na naomhapstoil Peadar agus Pól, agus na huile naomha d'eadarghuidhe ar mo shon chun mo Thighearna Dé. Amén.

    Déunadh Dia uilechumhachdach trócaire orainn, agus iar maitheamh ar bpeacadh treóraigheadh sinn chun na beathadh síordhaidhe. Amén.

    Fearsa: Go mba toil leat, a Thiarna.

    Freagra: Ár gcumhdach inniu ó pheaca.

    Fearsa: Déan trócaire orainn, a Thiarna.

    Freagra: Déan trócaire.

    Fearsa: Déan trócaire orainn.

    Freagra: Do réir ár ndóchais ionat.

    Fearsa: Éist mh'urnaithe, a Thiarna.

    Freagra: Agus roicheadh mh'osna dod láthair.

    Ortha.

    A Thiarna, a Dhé uilechumhachtaigh, thug dhúinne breith ar thús an laoi-se, slánaigh sinn inniu trí t'fheartaibh; ionas nach claonmaois chun peacaidh, achd ar n-uile urlabhra, smuainthighthe, agus oibreacha do dhíorghadh do chomhall do reachda, tré Chríosd ar ttighearna. Amén.

    Chun an aingil choimhideachda.

    A aingil Dé, a mo choimhéudaidh, tré bhúidhe an Tighearna, soillsigh mé aníodh, riaghlaigh, sdiúr, agas caomhain. Amén.

    Go mbeannaighe an Tighearna sinn, go gcaomhna ón uile olc, go ttreóraighe chun na beathadh suthaine, agus go bhfhaghaid anmanna na gcreidmheach tré thrócaire nDé cumhsanadh suthain. Amén.

    Iar sin smuaineadh roimhe ar ar mian leis do dhéunamh feadh an laoi, agus iarradh congnamh Dé, Muire, agus na naomh chun a ndéunta do mhéudú glóire agus onóra Dé, ag rádh:

    Ó a Thighearna, a mo Dhé, tabhair grása dhamh gach a ndingean feadh mo bheathadh, agus go spesialta aniodh, do dhéunamh do mhéudú do ghlóire agas th'onóra féin.

    A Athair neamhaí, déan trócaire orm.

    A Íosa, a Mhic Dé bhí, déan trócaire orm.

    A Spiorad Naoimh, a Dhé, déan trócaire orm.

    A Thríonóid Naomhtha, a Dhé, déan trócaire orm.

    A Mhuire, a naomh-mháthair Dhé, guigh ar mo shon.

    A aingil choimhdeachta naoimh, guigh ar mo shon.

    A Phádraig naoimh, guigh ar mo shon.

    A Cholaim naoimh, guigh ar mo shon.

    A Phroinsiais naoimh, guigh ar mo shon.

    A Bhríd naomh, guigh ar mo shon.

    (Gairmeadh iar sin ar gach naomh is mian leis, agus 'na dhiaidh sin abraigh:)

    A Mhuire naomh agus a uile aingle Dé, a naomha agus bhan-naomha, guigí ar mo shon chun an Tiarna, ionas go gcaomhnadh ón uile olc agus go dtreora chun na beathadh síoraí mé. Áiméan.

  • An 2 caibidil do na nithe is indéanta iar n-éirí san maidin

    The 2nd chap., of the things that are possible after rising in the morning

  • Ar 1 do na chéadnithe is indéanta san maidin

    Art. 1 of the first things that are possible in the morning

    Ceist: Iar gcríochnú na caoindúthrachta seo, céard is cóir don chríostaí do dhéanamh?

    Freagra: Éirí á choisreaca, agus gluasacht gan mhoill don eaglais do ghuí Dé, d'éisteacht an aifrinn agus na seanmóra, faoisidi do dhéanamh agus comaoineacha do ghlacadh más aimsear loghaidh nó diuósioin mhóir í. Agas iar dteacht a bhfiánaise na haltóra dhó, léagadh é féin ar a ghlúinibh i bhfiánaise a Thiarna Dé (atá dáiríribh do láthair san uile áit agus go speisialta san eaglais), ‘gus in umhlacht anama agus choirp is mó is féidir leis, amhail dobhiadh bochtán dearóil ag dul d'iarraidh déarca ar rígh go mórgacht agus go dtrócaire ndoí-chríochnaithe.

    Ceist: Conas is cóir don chríostaí an t-aifreann d'éisteacht?

    Freagra: Do chéadnithibh, ag triall chun an aifrinn dó, smaoinigh go bhfhuil ag triall chuige faoi mar dobhiadh ag teacht go sliabh Calvari; agus iar dteachd do láthair dhó, smaoinigh go bhfhuil ansin mar dobhiadh fá bhun na croiche a gcuideachdain na naomhmaighdine Muire, Eóin Bruinne, agus Mhuire Mhaghdaléan. Iar sin smaoinigh go bhfhuil ag ofráil na háirdiodhbarta sin Choirp Chríost agus a Fhola don Athair neamhaí trí lámhaibh an tsagairt.

    Arís, an tan bhíos ag éisteacht an aifrinn, smaoinigh go ró-dhúthrachtach ar rúindiamhraibh pháise Críost atá á sollamnú ann. Maille leis sin, glacadh Corp an Tiarna go spioradálta, ní sa lugha in gach aifreann éistfios, an tan bhíos an sagart á ghlacadh, agus sin le humhlacht, le teas ngrá, agus le caoindúthracht n-iomchubhaidh; óir ullmhaigeadh lón ró-mhór dá anam chun nimhe tréas an gcomaoin spíoradálta sin: ach laibheóram níos líonmhaire ar seo 'nar ndiaidh mar a dtráchtfam ar an n-úrnaithe.

  • Ar 2 don urnaithe is indéanta ag clos na fáilte aingleacha

    Art. 2 of the prayers that are possible at the hearing of the Angelus

    Ceist: Céard is indéanta don chríostaí ag clos chloig na Fáilte Aingleaca san maidin, i meán lae, agus tráthnóna?

    Freagra: Abraigh Fáilte an Aingil trí huaire ar an modh seo.

    Do bheannaigh aingeal an Tiarna do Mhuire,

    Agus do choimpir ón Spiorad Naomh.

    Dia do bheatha, a Mhuire, 7rl.

    Ag seo inilt an Tiarna,

    Teagmhaigh dhom do réir do bhréithre.

    Dia do Bheatha, a Mhuire, 7rl.

    Do ghabh an Bhriathar colann daonna,

    Agus do aitreabh ionainne.

    Dia do bheatha, a Mhuire, 7rl.

    Ortha.

    Guímid thú, a Thiarna, doirt do ghrása in ár gcroí; ionas, ó thánamar chun eolais ionchollaithe do Mhic Íosa trí bhriathraibh an aingil, go dtreoraí sinn trí a pháis agus chroich chun glóire na heis-éirí. Áiméan.

  • An 3 cab, don mhodh ar is cóir dhúinn beannú do chrois

    The 3rd chap., of the method that is proper for us to bless your belt

  • Ar 1 don mhodh ar is [cóir dhúinn] beannú do chrois

    Art. 1 of the method that is [proper for us] to bless your belt

    Ceist: Conas bheannaíos tú do chrois an tan theagmhaíos ort?

    Freagra: Adeirim, ag nochtadh mo chinn agus ag déanamh reverens di: “Adhraim do chrois, a Thiarna, in onóir do pháise glórmhaire, trí ar saoradh agus trí ar slánaíodh sinn. Trí chomhartha na croise naofa, saor sinn, a Dhé, ónár n-eascairdibh.”

  • Ar 2 don mhodh ar is cóir beannú don chomharsain

    Art. 2 of the method that is proper for blessing the neighbour

    Ceist: Conas bheannaíos tú don chomharsain ag teagmháil di?

    Freagra: “Moladh d'Íosa Críost”; óir thug Sixtus, an cúigú Pápa don ainm sin, logha chaogad lá do gach aon bheannós mar sin don chomharsain. Agus thug an logha céanna don chomharsain dá bhfreagra ag rá: “Moladh dhó do ghnáth.” Bulla 25.

    Ceist: Céard is gnáthfhocal duit i ngach teagmhais?

    Freagra: Gairm maille le reverens ar ainm Íosa nó Muire; óir thug an Sixtus céanna logha cúig lá fhichead do gach aon ghaireas mar sin orthu. Thug fós an Pápa céanna logha iomlán a uile pheaca in airteagal a bháis do gach aon aga mbí an dea-ghnás seo, dá ngairme orthu, nó ar ceachtar dhíobh, san airteagal chéanna, ó chroí amháin muna fhéadfaidh é ó bhéal.

    Thug fós an logha céanna do na seanmóntadhuibh chuireas seo i gcéill do na poiblibh an tan bhíd ag seanmóir dhóibh agus bhrostas iad chuige; agus fós do gach aon eile do bheir faoi deara a ghnáthú. Xixt., Bull. 25.

  • An 4 chab, don mhodh ar is cóir dhúinn ár ngnáthoibre laethúla teamparálta do dhéanamh

    The 4th chap., of the method that is proper for us to do our daily temporal work

    Ceist: Conas as cóir do chríostaí a ghnáthoibre laethúla teamporálta do dhéanamh?

    Freagra: Aga choisreaca abraigh: “In ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spiorad Naoimh. Amén. Tionscnaim an obairse do mhéadú glóire agus onóra Dé, agus chun sláinte m'anma.”

    Smaoinigh ar uairibh mar dobhíadh Íosa agus Muire mháthair á choimhdeacht agus ar gach taobh dhe, ag cuidiú leis an obair do dhéanamh, agus labhraigh ansin go grách leo ó bhéal nó ó chroí, ag rá na mbriatharsa nó a gcosúile. “A Íosa ionúin, toirbhirim mé féin idir anam agus chorp mar aon leis an obairse dhuit. Ó a Íosa, a mhilse mo chroí, tabhair grá lasamhuin dhom ort. A Íosa, i mo dhóigh agus i mo shólás, tabhair dhom do thoil do dhéanamh. A Mhuire, a mháthair na ngrás, neartaigh agus cuidigh,” 7rl.

    Ar uairibh uile glacadh siocair as an obair do-ní, do réir a cáilíochta, chun dea-smaointe dtarbhach eile; .i. an tan bhíos ag déanamh saothair i ngar do thine, smaoinigh ar thine ifrinn. Más obair í ina bhfhaigheann sult, smaoinigh ar ghlóir fhlaithiúnais, 7rl.

    Ceist: Céard is indéanta dhó an tan bhíos saothar d’fhulaing nó dólás air?

    Freagra: Abraigh, bíodh nach mothódh fonn a rá air: “Glóir don Athair, don Mhac, agus don Spiorad Naomh, mar do bhí ó thús, mar atá, agus bhíos do ghnáth i saol na saol, Áiméan:” nó a shamhail eile; óir mar seo taispeán nach bhfuil claoite 'na thrioblóid. Cuireadh ar uairibh eile é féin i bhfochair Chríost san gcrois, ag ceangal a dhóláis le ar iomchuir-sion ar a shon. Smaoinigh uair eile ar a chríochaibh déidhionacha, agus measadh nach fiú éinní a dhólás a n-athfhéachaint phian n-ifrinn. Déanfaidh seo an uile shaothar éadrom so-fhulaing.

    Ceist: Céard do ghéana ag críochnú a oibre?

    Freagra: Abraigh: “Críochnaím an obairse do mhéadú glóire agus onóra Dé agus chun sláinte mh'anma, in ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spiorad Naoimh. Áiméan.”

 

For citation, please use: Rhaoid, Josephés. 1815. “Teagasc Críostaí.” Ó Dubhghaill, Dónall. 2024. Na Gaeil san Áit Ró-Fhuar. Gaeltacht an Oileáin Úir: www.gaeilge.ca

Audio recording courtesy of: “Teagasc Críostaí an Chonnachtaigh - Aodh Ó Dubhthaigh” Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen © Acadamh Ríoga na hÉireann, licensed under CC BY-NC 3.0.

Text reconstruction adapted from: Gearnon, Antoin. 1645. Parrthas an Anma. Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge © Acadamh Ríoga na hÉireann, licensed under CC BY-NC 3.0.

 
Dónall Ó Dubhghaill

Rugadh agus tógadh Dónall in Ontáirio, Ceanada. Ardaíodh go Taoiseach na Gaeltachta é i 2019. Tá sé a’ tógaint a bheirt chailíní suas i gCeanada tríd an nGaelainn.

Previous
Previous

Talamh An Éisc

Next
Next

Scéal Grinn