Bruíon Chéise Chorainn

Lá amháin chuaigh Fionn agus an Fhiann ag fiach i gCéis Chorainn. D’fhan Fionn ar mhullach na céise gan ina chuideachtain ach a dhá choin, Bran agus Sceolaing, agus Conán Maol. Taoiseach de Thuatha Dé Danann a bhí ina thriath ar an gceantar san am, fear arbh ainm dó Conarán mac Imideil, agus nuair a chuala sé glór na gcon dúirt sé lena thriúr iníon díoltas a bhaint d’Fhionn faoin bhfiach a bhí ar siúl.

One day Fionn and the Fianna went hunting in Keshcorran. Fionn waited on top of the causeway without in his company but his two wolfhounds, Bran and Sceolaing, and Conán Maol. A chieftain of the Tuatha Dé Danann was ruler over this area at the time, a man by the name of Conarán mac Imideil, and when he heard the sound of the hounds he told his three daughters to extract vengeance on Fionn due to the hunting that was happening.

Bhí uaimh ar an tulach agus chuaigh an triúr chuici - cailleacha gránna a bhí iontu - agus thosaíodar ag tochras amhrais ar tuathal i ndoras na huamha. Le radharc ceart a fháil ar na cailleacha b’éigean d’Fhionn ‘s do Chonán dul tharstu isteach, agus arna dhéanamh sin dóibh chailleadar a neart agus a lúth gur éirigh leis na cailleacha iad a cheangal. Tháinig an chuid eile den bhFiann an bealach ina dhiaidh sin, agus tharla an rud céanna dóibh uilig agus níorbh fhada go rabhadar uilig ceangailte ag na cailleacha agus tugtha isteach san uaimh. Fuair na cailleacha trí claimhte ansin, agus bhíodar ar tí na Fianna a mharú nuair a tháinig Goll.

There was a cave on the hillock and the three went to it - awful old hags they were - and they began spinning yarn anticlockwise in the door of the cave. To get a proper view of the hags Fionn and Conán had to go past them inside, and after doing that by them they lost their strength and their vigour so that the hags succeeded in tying them up. The others of the Fianna came along the path after that, and the same thing happened to them all and it was not long until they were all tied up by the hags and taken into the cave. The hags got three swords then, and they were on the verge of killing the Fianna when Goll came.

Bhí troid fíochmhar idir na cailleacha agus Goll, gur mharaigh Goll beirt acu. Bhuaigh sé ar an tríú duine ansin, agus bhí sí ceangailte agus é ar tí í a mharú nuair a chuir sí a corp agus a hanam ar a choimirce, agus gheall sí nach ndéanfaí fuiliú ná fordheargadh ar éinne den bhFiann. Lig Goll saor í ansin agus scaoil sise an Fhiann.

There was a vicious fight between the hags and Goll, until Goll killed two of them. He triumphed over the third person then, and she was tied up and him on the verge of killing her when she put her body and her soul under his protection, and she promised that no bloodying or wounding would be done to anyone of the Fianna. Goll set her free then and she released the Fianna.

Díreach ina dhiaidh sin tháinig cailleach uafar eile chucu, agus d’iarr comhrac aonair orthu. Dúirt Fionn le hOisín dul ag troid léi ach ní rachadh, arae d’aithnigh sé gurbh í an tríú hiníon le Conarán a bhí ann ar ais arís. Bhí Fionn féin ag dul ag troid léi, ach ní ligfeadh Goll dó é a dhéanamh.

Directly after that another dreadful hag approached them, and requested single combat of them. Fionn told Oisín to go fighting with her but he would not go, because he recognized that she was the third daughter of Conarán that was back again. Fionn himself was going fighting with her, but Goll would not let him do it.

Chuaigh Goll féin ag troid léi agus mharaigh sé í. Chuir Goll an bhruíon trí thine ansin, agus roinn sé a raibh de mhaoin san áit ar an bhFiann. Bhí Fionn chomh buíoch sin de Gholl go dtug sé a iníon féin Caomh Chneisgheal mar bhean dó.

Goll himself went fighting with her and he killed her. Goll set the fairy dwelling on fire then, and he divided that which was of possessions in the place upon the Fianna. Fionn was so thankful of Goll that he gave his own daughter Caomh Chneisgheal to him as wife.

 

Adapted from: Breathnach, Micheál. 1932. Prós na Fiannaidheachta. Comhlucht Oideachais Na hÉireann: Dublin.

Dónall Ó Dubhghaill

Rugadh agus tógadh Dónall in Ontáirio, Ceanada. Ardaíodh go Taoiseach na Gaeltachta é i 2019. Tá sé a’ tógaint a bheirt chailíní suas i gCeanada tríd an nGaelainn.

Previous
Previous

Cath Gabhra na mBéimionn

Next
Next

Bruíon Bheag na hAlúine